9. Bígí bómánta agus dobhránta,bígí dall agus caoch;bígí ar meisce, ach ní le fíon,ag tuisliú, ach ní le tréan póite.
10. Óir tá an Tiarna tar éis toirchim suaina dhoirteadh sa mhullach oraibh;thug sé dúnadh ar bhur súile, na fáithe,agus chuir sé dallóg ar bhur gceann, an lucht físe.
11. Tá fís agus fáistine mar bheadh na focail i leabhar séalaithe agaibh anois. Tabhair a leithéid sin de leabhar do dhuine a bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagraíonn sé: “Ní féidir liom, mar tá an leabhar faoi shéala.”
12. Nó tabhair an leabhar do dhuine nach bhfuil léamh aige agus abair leis: “Léigh sin.” Is é a fhreagra: “Níl léamh agam.”
13. Deir an Tiarna:“De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint,agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola,san áit gur fada uaim atá a gcroíagus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonnaatá de ghlanmheabhair acu,
14. mar sin féach, seo arís mé i gcionn éachta leo,éacht i ndiaidh éachta agus eachtra.Cuirfear eagna a lucht eagna ar ceal,tiocfaidh claochló ar éirim a lucht éirime.”
15. Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhaind'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna,ag beartú a gcealga sa dorchadasagus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”
16. Bunoscionn atá cúrsaí agaibh!An ionann an criadóir agus a chuid cré?An féidir don déantús a rá faoi fhear a dhéanta:“Ní dá dhéanamh siúd mise”?nó don bpota a rá faoin bpotaire:“Níl ceird ar bith aige”?
17. Achar gairid fós, agus is gairid é,go mbeidh an Liobáin ag tiontú ar ais ina ghairdín,agus gairdín a áireofar ina choill ar a bhoirbe fáis.
18. An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh,agus as lár an dúcháin agus an dorchadaistiocfaidh radharc i súile na ndall.