Íseáia 28:23-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Tugaigí cluas agus éistigí le mo ghlór,bígí aireach agus tugaigí libh a bhfuil á rá agam.

24. An é nach ndéanann an treabhdóir dada seachas treabhadh,seachas an talamh a bhriseadh agus a fhuirseadh?

25. An amhlaidh, nuair a bhíonn sé cothrom aige,nach gcraitheann sé lus mín air, nach gcuireann sé coimín,agus cruithneacht agus eorna ina dhiaidh sin,agus an spealt ar an imeall amuigh?

Íseáia 28