Íseáia 27:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An lá sin, smachtóidh an Tiarnalena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir,Leiviatan, an nathair éalaitheach,Leiviatan, an nathair lúbarnach:maróidh sé dragan na farraige.

2. An lá sin, canaigí an fíonghort taitneamhach!

3. Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air;bím de shíor ag coinneáil uisce leisar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr;de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.

4. Fearg níl orm a thuilleadh!Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann,cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!

5. Sin nó cead acu dul ar mo choimirceagus síocháin a dhéanamh liom.Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom!

Íseáia 27