Íseáia 26:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An lá sin, beidh an laoi seo á ceol ar thalamh Iúdá:“Tá baile daingean againn;leag sé amach bábhún agus forbhalla dár ndídean.

2. Osclaígí na geataí! Isteach leis an bpobal fíréanta,an té a sheasann lena ghealltanas,

3. atá bunúsach ó chroí, a choinníonn an tsíocháin,óir is asatsa atá a mhuinín.

4. Bíodh bhur muinín as an Tiarna go deo,óir is é an Tiarna an charraig shíoraí;

5. d'ísligh sé an dream a bhí ina gcónaí ar na harda,muintir an dúnfoirt daingin,leagann sé iad, leagann iad ar lár,caitheann sé síos iad sa láib;

6. cosa na n‑úiríseal agus na mbochtán,siúlann siad orthu ina gcoiscéim.”

7. Is díreach bealach an fhíréin,réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.

8. Is ea, ar bhealach do chuid breithiúnastá muid ag fanacht ort, a Thiarna,is é d'ainm agus do chuimhne tnúthán ár n‑anama.

Íseáia 26