Íseáia 24:11-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona;tá deireadh leis an uile lúcháir,tá an t‑áthas díbeartha ón tír.

12. Níl fágtha sa chathair ach léirscrios,tá an geata briste ina chonamar.

13. Is amhlaidh sin a bheidh an talamh ar fad,i gcás na gciníocha uile,mar a bhíonn na crainn olóige nuair a chraitear an toradh astu,mar a bheadh deasca na fíniúna agus fómhar an fhíona déanta.

14. Gáireann daoine amach in ard a gcinn, liúnn siad le barr áthais;canann siad mórgacht an Tiarna ó chois na farraige thiar.

15. Sna hoileáin freisin táthar ag glóiriú an Tiarna,agus i gcríocha na farraige ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

16. Ó chríocha na cruinne cloisimid iad ag ceol: “Glóir don Fhíréan!”Ach deirimse: “Is leor, is leor sin!Drochrath ar lucht fill a dhéanann feall,ar lucht fill a dhéanann feall go fealltach!”

17. Scéin agus clais agus gaisteis ea do chuid, a dhuine atá i do chónaí ar talamh!

Íseáia 24