Íseáia 22:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Agus sin críoch le cosaint Iúdá.Bhí do shúil an lá sinle harmlann Áras na Foraoise.

9. Bhreathnaigh sibh chomh líonmharagus bhí na bearnaí i múr chathair Dháiví.Cheap sibh uiscí na Linne Íochtair.

10. Rinne sibh tithe Iarúsailéim a chuntas,agus leag sibh cuid acu chun an múr a dhaingniú.

11. I lár báire, rinne sibh obair idir an dá mhúrfaoi choinne uisce na Seanlinne.Ach níor chuimhnigh sibh ar an gCruthaitheoirná ní fhaca an Té a mhúnlaigh an t‑iomlán fadó riamh.

12. Bhí an Tiarna Dia na Slua ag glaoch oraibh an lá sinchun caoineadh a dhéanamh agus mairgneach,chun sibh féin a bhearradh agus éadach róin a chur oraibh.

13. Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult,mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt,feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh:“Ithimis agus ólaimis,mar beidh an bás againn amárach.”

14. Fuair mo chluasa an foilsiú seo ó Thiarna na Slua:“Ní dhéanfar sásamh sa pheaca seo go deo,go dtí go bhfaighe sibh bás,”a deir an Tiarna Dia na Slua.

15. Seo mar a deir an Tiarna Dia na Slua:“Imigh leat chuig an feidhmeannach seo,chuig Seabná, maor an pháláis, agus abair leis:

16. ‘Cén ceart nó cén gnó atá agat anseogo bhfuil tú ag gearradh tuama duit féin ann,ag gearradh amach tuama ar an ard,ag snoí seomra duit féin sa charraig?’

Íseáia 22