1. Fáistine i dtaobh an mhachaire cois na farraige.Gairfean chugainnar nós séideáin ag scuabadh an deiscirt,ag teacht isteach as an bhfásach,isteach as tír an uafáis
2. - is scáfar an fhís a fuair mé -tá fear na creiche i mbun creiche,tá an sladaí ag slad.“Suas leat, a Éalám,suas chun an léigir libh, a Mhéideacha!Cuirfidh mise críoch leis an gcaoineadh.”
3. Is uime sin atá mo chorrógaar bhall amháin creatha;fuair na freanga greim orm,mar bheadh freanga mná seolta;tá mé róbhuartha le cloisint,róscanraithe le feiceáil.