Íseáia 2:7-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Tá a ndúiche lán airgid agus óiragus níl deireadh go deo lena dtaiscí;tá a ndúiche lán de chapaillagus níl deireadh lena gcarbaid;

8. tá a dtír lán de dhéithe bréige...Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin;os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.

9. Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine;ná maith dóibh é.

10. Imigh leat i measc na n‑ailteanna,gabh i bhfolach sa láib,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

11. Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;ísleofar díomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.

12. Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,

13. i gcoinne chéadras na Liobáine go léiragus chrann darach Bháiseán go léir,

14. i gcoinne na sléibhte buacacha ar fadagus na gcnocán ard ar fad,

15. i gcoinne na dtúr ard uileagus na mbábhún crioslaithe uile

16. i gcoinne loingeas Thairsís go léiragus a n‑earraí luachmhara go léir...

17. Ísleofar an t‑uabhar daonna,tabharfar béim síos do dhíomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,

18. agus caithfear síos na déithe bréige go léir.

19. Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig,isteach i bpluaiseanna an talaimh,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.

20. An lá sin, caithfidh an duine chuig na caocháin agus chuig na sciatháin leathair na híola airgid agus na híola óir a dhealbhaigh sé dó féin lena n‑adhradh,

Íseáia 2