4. Beidh smacht aige ar na ciníochaagus déanfaidh sé réiteach idir an iomad pobal,agus buailfidh siad a gclaímhte amach ina soic chéachtaagus a sleánna ina gcorráin.Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadhná ní chleachtfaidh siad cogadh níos mó.
5. A theaghlach Iacóib, tagaigí,agus siúlaimis i solas an Tiarna!
6. Is ea, dhiúltaigh tú do do phobal,do mhuintir Iacóib;tá an tír lán le lucht feasa,agus le draíodóirí ar nós na bhFilistíneach;agus bítear ag bualadh boise le heachtrannaigh.
7. Tá a ndúiche lán airgid agus óiragus níl deireadh go deo lena dtaiscí;tá a ndúiche lán de chapaillagus níl deireadh lena gcarbaid;
8. tá a dtír lán de dhéithe bréige...Sléachtann siad go talamh i láthair saothar a lámh féin;os comhair an rud a dhealbhaigh a méara féin.
9. Ísleofar an duine, tabharfar céim síos don duine;ná maith dóibh é.
10. Imigh leat i measc na n‑ailteanna,gabh i bhfolach sa láib,ar aghaidh scéin an Tiarnaagus maise a mhórgachta,nuair a éiríonn séchun an talamh a chroitheadh.
11. Beidh ceann faoi ar an uabhar daonna;ísleofar díomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin.
12. Sea, lá Thiarna na Slua a bheidh ann,i gcoinne an uile uabhair agus dhíomais,i gcoinne an uile ghradaim, chun a bhascadh,
13. i gcoinne chéadras na Liobáine go léiragus chrann darach Bháiseán go léir,
14. i gcoinne na sléibhte buacacha ar fadagus na gcnocán ard ar fad,
15. i gcoinne na dtúr ard uileagus na mbábhún crioslaithe uile
16. i gcoinne loingeas Thairsís go léiragus a n‑earraí luachmhara go léir...
17. Ísleofar an t‑uabhar daonna,tabharfar béim síos do dhíomas an duine.Is é an Tiarna amháin a ardófar, an lá sin,
18. agus caithfear síos na déithe bréige go léir.