Íseáia 18:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chugatsa atáim, a thír na sciathán seabhránach,ar an taobh thall d'aibhneacha Chúis,

2. tusa a sheolann do chuid teachtaí uait ar an bhfarraige,ag taisteal in árthaí giolcach ar dhroim na n‑uiscí.Imígí libh, a theachtairí meara,chun cine na scafairí griandaite,chuig an náisiún a raibh eagla rompu riamh anall,cine cumhachtach caithréimeach,sa tír a shileann na haibhneacha.

3. A mhuintir an domhain uile,a áitreabhacha na talún go léir,breathnaígí, tá an comhartha á chrochadh in airde;éistigí, tá an stoc á shéideadh.

4. Óir is é seo atá an Tiarna a rá liom:“Ón áit a bhfuil mo chónaí,tá mé ag breathnú uaim go socair,le linn loinnir agus ruithne teasa,le ceo drúchta i mbrothall an fhómhair.”

5. Roimh fhómhar an fhíona, agus aimsir na mbachlóg thart,nuair a aibíonn an bláth chun caor,gearrtar na péacáin leis an gcorrán,déantar beangáin a scoitheadh agus a theascadh.

6. Fágfar ansin iad go léirle haghaidh éin chreiche na sléibhteagus ainmhithe allta na talún.Caithfidh na héin an samhradh ag gabháil dóibh,agus na hainmhithe allta an geimhreadh.

Íseáia 18