Íseáia 14:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Féach mar tá deireadh leis an aintiarna!Féach mar tá deireadh lena dhíomas!

5. Tá bata na n‑urchóideach briste ag an Tiarna,agus slat ríoga na bhflatha,

6. an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmharle buillí agus le béimeanna,a smachtaíodh na náisiúin le fraoch,á gciapadh gan sos.

7. Tá an talamh uile ag ligean a scíthe faoi shuaimhneas;gáireann sé amach a racht áthais.

8. Na crainn ghiúise féin, tá lúcháir orthu as do chás,tá agus ar chéadrais na Liobáine:“Óir thit tusa ar lár,” arsa siad,“ní thagann aon duine aníos dár leagan.”

9. Tá Seól thíos corraithe faoi do chionnchun teacht ag fáiltiú romhat.Dúisíonn sé taisí na sean in onóir duit,a raibh ina dtaoisigh ar talamh;cuireann sé suas as a suíocháin ríogaríthe na náisiún ar fad.

10. Seo mar chuireann an t‑iomlán acu forrán ort:“Tusa freisin, tá tú scriosta mar atáimidne;rinneadh leat mar rinneadh linn féin.”

11. Tá do phoimp caite síos go Seól,mar aon le ceol do chuid cláirseach;na péisteanna atá mar leaba fútagus na cnumhóga ina gclúdach os do chionn.

12. Nach breá mar tá tú tite ó na spéartha,a sholas na solas agus a mhic na maidine!Nach breá mar caitheadh anuas ar talamh thú,tusa a mbíodh na ciníocha uile faoi do réir!

Íseáia 14