Íseáia 13:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. tá scéin orthu agus scaoll,tá siad i bpriacail ar nós mná seolta.Tá siad ag breathnú ar a chéileagus a ngnúiseanna lasta le náire.

9. Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach,le fraoch agus le fearg loiscneach,chun fásach a dhéanamh den tíragus na peacaigh a theascadh as.

10. Óir réaltaí neimhe ina mbuíonta,ní chuirfidh siad a solas ag lonrú a thuilleadh;tiocfaidh smúit ar an ngrian ar éirí di,ní thabharfaidh an ghealach a solas níos mó.

11. Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide,agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin;cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasachagus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.

12. Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir,níos teirce ná ór Óifír.

13. Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha,go mbogfaidh an talamh as a áit,le barr buile Thiarna na Slua,sa lá a spréachfaidh a fhearg.

14. Ansin, mar a bheadh fia á sheilg,mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh,tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin,agus teithfidh chun a dhúiche féin.

15. Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é;gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.

Íseáia 13