Íseáia 13:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide,agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin;cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasachagus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.

12. Déanfaidh mé daoine níos gainne ná scoth an óir,níos teirce ná ór Óifír.

13. Is é sin an fáth a dtiocfaidh ballchrith ar na spéartha,go mbogfaidh an talamh as a áit,le barr buile Thiarna na Slua,sa lá a spréachfaidh a fhearg.

14. Ansin, mar a bheadh fia á sheilg,mar a bheadh tréad caorach gan duine lena locadh,tabharfaidh gach aon a aghaidh ar a mhuintir féin,agus teithfidh chun a dhúiche féin.

15. Gach aon a dtiocfar air, sáithfear le scian é;gach aon a mbéarfar air, titfidh sé leis an gclaíomh.

16. Bascfar a bpáistí os comhair a dhá súl,déanfar slad ar a dtithe agus éigean ar a mná.

17. Seo, tá mé ag gríosú na Méideach ina n‑aghaidh,gur cuma leo airgead agus gur táir leo ór.

18. Tá na gasúir á mbascadh agus na girseacha á mbrú.Toradh na broinne ní trua leo,ná níl trócaire ina súil d'aon mhac máthar.

19. An Bhablóin, péarla na ríochtaí,seod agus práinn na gCaildéach,beidh sí ar nós Shodom agus Ghomoránuair a threascair Dia iad.

20. Ní bheidh cónaí ansin níos mó,ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo.Ní chuirfidh an tArabach suas a bhoth ann a thuilleadh,ná na haoirí a dtréada ann i gcró.

Íseáia 13