Íseáia 13:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fógra ar an mBablóin, de réir mar taispeánadh d'Íseáia, mac Ámóz.

2. Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde,crochaigí suas an ghairm slua.Bagraígí lámh orthu i leithchun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.

3. Tá ordú tugtha agam do mo chuid óglach beannaithe;tá mé ag glaoch le teann feirge ar mo laochra,agus is iad atá cíocrach chun caithréime.

4. Éistigí! Torann ar na sléibhtemar bheadh slua ollmhór ag callán.Éistigí! Búirthíl na ríochtaí agus na náisiún i dtionól.Is é Tiarna na Slua atá ag gairm slógadh chun catha.

5. Tá siad ag teacht ó thír i gcéin,ó chianchríocha na spéire,an Tiarna agus feidhmeannaigh a fheirge,chun an talamh ar fad a chreachadh.

6. Déanaigí olagón! óir tá sé i ngar, lá an Tiarna;tá sé chugaibh ina léirscrios ó Dhia na n‑uilechumhacht.

7. Dá bharr sin tá na lámha uile ar sileadh,agus croí an uile dhuine go fann;

8. tá scéin orthu agus scaoll,tá siad i bpriacail ar nós mná seolta.Tá siad ag breathnú ar a chéileagus a ngnúiseanna lasta le náire.

9. Tá lá an Tiarna chugaibh go cruálach,le fraoch agus le fearg loiscneach,chun fásach a dhéanamh den tíragus na peacaigh a theascadh as.

Íseáia 13