Íseáia 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dhá Dhuan Altaithe

1. Déarfaidh tú an lá sin:“Tugaim buíochas duit, a Thiarna;bhí fearg ort liomach tá d'fhearg síothlaitheagus thug tú sólás dom.

2. An bhfeiceann sibh, is é Dia mo shlánaitheoir,tá muinín agam agus nílim eaglach níos mó,óir is é an Tiarna mo neart agus mo cheol;is é mo shlánú é.”

3. Agus beidh sibh ag tarraingt uisce go lúcháireachas toibreacha an tslánaithe.

4. Déarfaidh sibh an lá sin:“Tugaigí buíochas don Tiarna,glaoigí air ina ainm!Fógraígí a éachtaí don phobal,meabhraígí gurb oirirc dá ainm.

5. Canaigí don Tiarna, óir tá iontais déanta aige;ní mór iad a fhoilsiú ar fud an domhain iomláin.

6. Gáirigí le háthas agus liúirigí,sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón,óir is mór le rá é in bhur meascNeach Naofa Iosrael.”