Íseáia 11:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta,ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil.

4. Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbhaagus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre.Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine,agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.

5. Is í an chóir bréid cheangail a choime,agus tá an dea-rún ina chrios ar a chorróga.

6. Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan,an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair;tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineachtagus gasúr óg á mbuachailleacht.

7. Tá an bhó agus an béar ag snaidhmeadh caradais,agus a gceanna beaga in aon ál le chéile;tá an leon ag ithe cocháin ar nós na mart.

8. Tá an leanbh cíche ag súgradh faoi phrochóg an chobra,ar phluais na nathrach leagann an naíonán a lámh.

9. Díth ná dochar ní dhéantar níos móar fud mo shléibhe bheannaithe go léir,óir tá an talamh lán le heolas ar an Tiamamar a líonann an fharraige leis an lán mara.

10. Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieiseina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha.Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinínagus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.

11. Sa lá sin, ardóidh an Tiarna a lámh as an nuachun fuílleach a phobail a athghabháil,a mbeidh fágtha tar éis deoraíocht na hAsaíre agus na hÉigipte,ó Phatros agus ó Chúis agus ó Éalám,ó Shionár agus Hamát agus ó chríocha na farraige.

Íseáia 11