8. Ta iníon Shíón fágthamar bheadh bothán faire i bhfíonghort,mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar,mar bheadh cathair faoi léigear.
9. Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir,ba chuma sinn nó Sodom,ba le Gomorá ár samhail.
10. Éistigí le briathar an Tiarna,a thaoisigh Shodom;tugaigí cluas do reacht ár nDé,a phobal Ghomorá!
11. “Nach cuma liomsa bhur n‑íobairtí gan áireamh?”a deir an Tiarna.“Tá mé dóthanach de reithí loisctheagus de shaill na ngamhna,níl dúil agam i bhfuil mhart agus phocán gabhair.
12. Nuair a thagann sibh i mo láthair,cé a d'iarr oraibh urlár mo thí a shiúl?
13. Éirigí as ofrálacha gan mhaith a thabhairt chugam;cuireann an toit atá uathu déistin orm.Féilte na ré nua, sabóidí, comhthionóil...ceiliúradh ná sollúntas níl dul agam a bhfulaingt níos mó.
14. Bhur réanna nua agus bhur n‑oilithreachtaí,is gráin liom iad i m'anam istigh.Is ualach orm iadagus tá mé tuirseach á n‑iompar.
15. Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha,iompaím mo shúile uaibh.A liacht paidreacha a deir sibh,níl mise ag éisteacht.Tá bhur lámha lán fola.
16. Nígí, glanaigí sibh féin.Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc.Éirigí as an olc a dhéanamh!
17. Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh,lorgaigí an rud cóir,cuirigí in éadan ansmachta,tugaigí a cheart don dílleachta,agraigí cúis na baintrí.