Íseáia 1:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Tá aithne ag an mart ar a úinéir,agus ag an asal ar chliabhán a mháistir,ach ní aithníonn Iosrael aon ní,ní thuigeann mo phobal dada.”

4. Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta,a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe!Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael,d'iompaigh siad uaidh i leith.

5. Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís,agus an feall ar siúl agaibh fós?Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;

6. ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann:créachtaí, fearbacha, cneánna oscailtenach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu,ná cógais ola.

7. Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe,bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí;díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.

8. Ta iníon Shíón fágthamar bheadh bothán faire i bhfíonghort,mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar,mar bheadh cathair faoi léigear.

Íseáia 1