15. Nuair a shíneann sibh amach bhur lámha,iompaím mo shúile uaibh.A liacht paidreacha a deir sibh,níl mise ag éisteacht.Tá bhur lámha lán fola.
16. Nígí, glanaigí sibh féin.Tógaigí bhur n‑urchóid as mo radharc.Éirigí as an olc a dhéanamh!
17. Foghlaimígí an mhaith a dhéanamh,lorgaigí an rud cóir,cuirigí in éadan ansmachta,tugaigí a cheart don dílleachta,agraigí cúis na baintrí.
18. Gabhaigí i leith ansin agus pléimis an scéal,a deir an Tiarna.Má bheadh bhur bpeacaí ar nós craoraig,déanfar níos gile iad ná sneachta;má bheadh siad chomh dearg leis an gcorcra,amhail olann a dhéanfar iad.
19. Má thoilíonn sibh a bheith umhal,íosfaidh sibh de thoradh na talún;
20. ach má leanann sibh sa stailc agus sa cheannairc,is é béal an chlaímh a íosfaidh sibhse.”Tá béal an Tiarna tar éis labhairt.
21. Conas a rinne striapach di,an chathair dhílis?Síón, a bhí lán de dhílseacht,mar a raibh an ceart ina chónaí,níl intí anois ach lucht dúnmharfa.
22. Tá d'airgead i ndiaidh athrú ina shal,tá uisce trí do chuid fíona.
23. Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce,le gadaithe atá a gcaidreamh.Tá gach aon duine cíocrach chun brabúisagus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe.Ní thugann siad a cheart don dílleachta,ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
24. Ar an ábhar sin, is í seo fáistine Thiarna Dia na Slua,Neach Láidir Iosrael:“Ha! beidh an ceann is fearr agam ar mo chéilí comhraic,bainfidh mé sásamh as mo naimhde.
25. Iompóidh mé mo lámh i do choinne,glanfaidh mé an tsal asat san fhoirnéis,agus tógfaidh mé uait an drochmhianach ar fad.