Íseáia 1:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fís Íseáia mhic Ámóz a chonaic sé i dtaobh Iúdá agus Iarúsailéim in aimsir Uiziá, Iótám, Áchaz agus Hiziciá, ríthe Iúdá.

2. Éistigí, a fhlaitheasa, agus cuir cluais ort, a thalaimh,óir tá an Tiarna ag labhairt:“Thóg mé agus d'oil mé clann mhac,ach d'éirigh siad amach i mo choinne.

3. Tá aithne ag an mart ar a úinéir,agus ag an asal ar chliabhán a mháistir,ach ní aithníonn Iosrael aon ní,ní thuigeann mo phobal dada.”

4. Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta,a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe!Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael,d'iompaigh siad uaidh i leith.

5. Cá háit is féidir buille a bhualadh oraibh arís,agus an feall ar siúl agaibh fós?Tá an cloigeann uile breoite, an croí meata ar fad;

6. ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann:créachtaí, fearbacha, cneánna oscailtenach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu,ná cógais ola.

7. Tá bhur dtír ina fásach, tá bhur gcathracha loiscthe,bhur dtailte, tá siad á gcreachadh os comhair bhur súl ag strainséirí;díthreabh atá ann, mar a bhí nuair a scriosadh Sodom.

8. Ta iníon Shíón fágthamar bheadh bothán faire i bhfíonghort,mar bheadh scáthlán i gcuibhreann cúcamar,mar bheadh cathair faoi léigear.

9. Ach gur fhág Tiarna na Slua fuíoll áir,ba chuma sinn nó Sodom,ba le Gomorá ár samhail.

10. Éistigí le briathar an Tiarna,a thaoisigh Shodom;tugaigí cluas do reacht ár nDé,a phobal Ghomorá!

Íseáia 1