Irimia 9:6-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge!Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.

7. Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite- nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n‑olcas?

8. Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach;‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsaach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.

9. An é nach n‑agróidh mise na nithe seo orthu?- is é an Tiarna a labhraíonn -an é nach ndéanfaidh mise díoltasar a leithéid seo de náisiún?

10. Ar son na sléibhte tógaigí suas golgháire agus gubha,agus ar son féarach an fhásaigh, caoineadh;óir bánaíodh iad; ní ghabhann aon duine ann,ní chluintear níos mó géimneach na dtréad.Éanlaith an aeir agus na beithígh,theith siad araon, níl siad ann.

11. Déanfaidh mé Iarúsailéim ina carnán cloch,ina huaimh seacál,déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.”

12. Cé hé an duine críonna a thuigfidh é seo? Cé leis a labhair béal an Tiarna féin le go bhfoilseodh sé: Cad chuige ar scriosadh an tír, agus go ndearnadh fásach di gan siúl aon duine inti?

Irimia 9