Irimia 9:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nach trua gan bothán fear taistil agam san fhásach,

2. go bhfágfaidh mé mo phobal,go n‑imeoidh mé i bhfad uathu!Óir is adhaltranaigh iad uile,agus buíon daoine fealltacha.

3. Claonann siad a dteanga ar nós bogha;ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír;téann siad ó olc go holc.Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.

4. Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara;ná taobhaigh le do dheartháir,mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir,is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.

5. Meallann gach aon acu a chéile,ní labhraíonn siad an fhírinne.Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá,tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.

6. Leatrom ar muin leatroma! cealg ar muin ceilge!Diúltaíonn siad aithne a thabhairt don Tiarna.

7. Uime sin, is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Féach, dearbhóidh mé anois iad sa soitheach leáite- nó céard eile a dhéanfaidh mé, mar gheall ar a n‑olcas?

8. Is saighead mharfa a dteanga, labhraíonn siad go cealgach;‘Síocháin’, a deir duine ó bhéal lena chomharsaach ina chroí cuireann sé luíochán roimhe.

Irimia 9