3. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo.
4. Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!
5. Ach má leasaíonn sibh bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile,
6. gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,
7. más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n‑aithreacha go brách.
8. Ach seo sibh ag cur muiníne i mbriathra mealltacha gan tairbhe.
9. An ndéanfaidh sibh goid, an ea, agus marú, adhaltranas, agus mionna bréige a thabhairt, agus túis a loscadh do Bhál, agus imeacht i ndiaidh déithe eile nach fios daoibh?
10. Agus ansin teacht agus seasamh i mo láthair sa Teampall seo a ghairtear i m'ainm, agus a rá: Anois táimid slán sábháilte - sábháilte chun leanacht de dhéanamh na gráiniúlachta seo uile!