18. Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.
19. An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n‑olc - an Tiarna a labhraíonn - nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?
20. Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”
21. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Cuirigí bhur n‑ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n‑íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad.
22. Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t‑am ar thug mé bhur n‑aithreacha as talamh na hÉigipte.
23. Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.
24. Ach níor éist siad liom ná níor thug siad aird orm; ach lean siad i gcomhairlí a ndrochchroí féin, dhiúltaigh aghaidh a thabhairt orm ach thug liom a gcúl.
25. Ón lá a tháinig bhur n‑aithreacha amach as críoch na hÉigipte go dtí inniu chuir mé chugaibh gan scor, lá i ndiaidh lae, mo sheirbhísigh uile, na fáithe.
26. Ina dhiaidh sin níor éist siad liom, ná níor thug siad aon aird orm, ach chruaigh siad a muineál. Rinne siad níos measa ná a n‑aithreacha.
27. Ar an ábhar sin déarfaidh tú na briathra seo uile leo, ach ní éistfidh siad sin leat; gairfidh tú orthu, ach ní fhreagróidh siad thú.