Irimia 7:14-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. uime sin déanfaidh mé leis an Teampall seo a ghairtear i m'ainm, ina bhfuil bhur muinín, agus leis an áit a thug mé daoibh agus do bhur n‑aithreacha, mar do rinne mé le Sileo.

15. Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad.

16. “Agus thusa, ná guighse ar son na ndaoine seo, ná tóg achainí ná urnaí ar a son; ná cuir impí ormsa, mar ní éisteoidh mé leat.

17. Nach bhfeiceann tú céard tá á dhéanamh acu i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim?

18. Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.

19. An ormsa dáiríre a dhéanann siad a n‑olc - an Tiarna a labhraíonn - nach orthu féin go deimhin a dhéanann siad sin, á mearú féin?

20. Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”

21. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Cuirigí bhur n‑ofrálacha loiscthe i gcionn bhur n‑íobairtí agus ithigí an fheoil ar fad.

22. Óir níor labhair mise ná níor thug mise aon ordú dóibh i dtaobh ofrálacha ná íobairtí an t‑am ar thug mé bhur n‑aithreacha as talamh na hÉigipte.

Irimia 7