Irimia 7:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An briathar a tháinig go Irimia ón Tiarna, mar seo a ghabh sé:

2. “Téigh agus seas i ngeata Theampall an Tiarna agus fógair an teachtaireacht seo. Abair: Éistigí le briathar an Tiarna, a fheara uile Iúdá, a thagann isteach sna geataí seo chun an Tiarna a adhradh.

3. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael: Leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha agus fanfaidh mise libh san áit seo.

4. Ná taobhaigí leis na briathra mealltacha seo: Seo é sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna, sanctóir an Tiarna!

Irimia 7