8. Gabhsa rabhadh, a Iarúsailéim,ar eagla go n‑iompóinn uait,agus fásach a dhéanamh díot, tír gan áitritheoirí.
9. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Deasc fuíoll Iosrael,deasc é mar a dhéanfá le fíniúin;mar a dhéanfadh an fómharaí fíonchaor,cuir do lámh arís sna craobhacha.”
10. Cé leis a labhróidh mise,cé dhó a dtabharfaidh mé rabhadh le go gcluine siad?Is follas go bhfuil a gcluasa dúnta,ní fhéadann siad éisteacht.Is follas gur suarach leo briathar an Tiarna,níl dúil acu ann.
11. Tá mé lán d'fhearg an Tiarnatáim tuirseach de bheith á coinneáil istigh.“Doirt amach mar sin é ar na leanaí sa tsráid,agus ar oireachtas na n‑ógfhear in éineacht.Tógfar uile iad: an fear agus an bhean,an seanóir liath agus an té atá lán de laethanta.
12. Fágfar faoi dhaoine eile a dtithe,a bhfearann agus a mná in éineacht.Sínfidh mise amach mo lámhar dhúchasaigh na tíre seo- an Tiarna a labhraíonn.
13. Santaíonn gach aon díobh an brabach mí-ionraic,ón té is lú go dtí an té is mó;an sagart agus an fáidh araon,déanann siad uile bearta bréagacha.
14. Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail,á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’,ach níl aon síocháin ann.
15. Náire ba chóir a bheith orthu mar gheall ar a n‑imeachtaí gránna.Beag an baol! Níl ciall do náire acu,ní mó is féidir leo lasadh.Ar an ábhar sin mar a thiteann daoine eile,titfidh siadsan freisin;teilgfear anuas iad nuair a thiocfaidh mise ar cuairt acu- a deir an Tiarna.”
16. Is mar seo a deir an Tiarna:“Seasaigí i mbealaí an tseansaoilcuirigí tuairisc na seanchasáncé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansinagus gheobhaidh sibh suaimhneas.Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
17. Chuir mé fir faire ar mhaithe leo:éistigí le glor an stoic!Ach dúirt siadsan: ‘Ní éisteoimid.’
18. Cluinigí mar sin, a chiníocha,bíodh a fhios agaibh, a oireachtais,céard tá i ndán dóibh.
19. Éist, a thalaimh,táim ag breith tubaiste ar an bpobal seo:de bhrí nár éist siad le mo bhriathra,agus, maidir le mo reacht, dhiúltaigh siad dó.
20. Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá,nó giolcóg chumhra ón imigéin?Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe,ní milis liom bhur n‑íobairtí.
21. Dá bhrí sin - mar seo a deir an Tiarna:‘Cuirfidh mé cip thuislithe roimh an bpobal seole go dtitfidh siad orthu;an t‑athair agus an mac in éineacht,an chomharsa agus an cara, caillfear iad uile.’ ”
22. Is mar seo a deir an Tiarna:“Anois tá cine ag teacht ón tír thuaidh,ó chríocha imigéiniúla na talúngluaiseann náisiún mór;
23. tá bogha agus gath i ngreim acu,tá siad cruálach, míthrócaireach;is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraige;tá siad ag marcaíocht ar eachra,tá gach fear acu in eagar cathai d'aghaidhse, a iníon Shíón.
24. Chualamar an scéala;titeann ár lámha go faonlag,rug doigh greim orainn,pian mar a bheadh ag bean le híona.