Irimia 51:50-64 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. Sibhse a chuaigh slán ón gclaíomh,imígí romhaibh, ná fanaigí ansin.Cuimhnígí ar an Tiarna san imigéin,agus tagadh Iarúsailéim in bhur n‑intinn.

51. ‘Tugadh náire dúinn nuair a chualamar an scannal,d'fholaigh náire ár n‑aighthe;mar ghabh eachtrannaigh isteach i sanctóirTheampall an Tiarna.’

52. Féach, tá na laethanta ag teacht- an Tiarna a labhraíonn -a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola,agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.

53. Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe,nó dá neartódh sí a dúnfort buacach,ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóiríar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.

54. Éistigí le héamh ón mBablóin,agus tormán millteach ó thír na gCaildéach!

55. Is é an Tiarna é ag scriosadh na Bablóine,ag sochtadh a gleo urghránna;ní miste di búirthíl a tonntaamhail uiscí móra agus fuaimneach a ngutha i bhfad.

56. Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin,tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste.Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta;cúitíonn sé go hiomlán.”

57. “Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól,ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda;titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad,a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”

58. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine,agus loiscfear le tine a geataí arda.Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníochais í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”

59. Seo mar a d'ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d'imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas.

60. Anois bhí scríofa i leabhar faoi leith ag Irimia an tubaiste iomlán a thiocfadh ar an mBablóin, na briathra uile atá scríofa anseo i dtaobh na Bablóine.

61. Dúirt Irimia mar sin le Saráiá: “Nuair a thiocfaidh tú don Bhablóin, déan cinnte de go léifidh tú amach na briathra seo go léir.

62. Ansin déarfaidh tú: ‘A Thiarna, tá sé fógraithe agat féin go scriosfar an áit seo, nach ndéanfar cónaí arís ann, ag duine ná ag ainmhí, ach go mbeidh sé ina fhásach go brách.’

63. Nuair a bheidh an leabhar seo léite agat as ceann a chéile, ceanglóidh tú cloch de agus teilgfidh tú i lár an Eofrataes é,

64. á rá: ‘Is mar seo a rachaidh an Bhablóin in íochtar, agus ní éireoidh sí choíche ón olc a thabharfaidh mise uirthi.’ ”Deireadh anseo le briathra Irimia.

Irimia 51