Irimia 51:50-59 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. Sibhse a chuaigh slán ón gclaíomh,imígí romhaibh, ná fanaigí ansin.Cuimhnígí ar an Tiarna san imigéin,agus tagadh Iarúsailéim in bhur n‑intinn.

51. ‘Tugadh náire dúinn nuair a chualamar an scannal,d'fholaigh náire ár n‑aighthe;mar ghabh eachtrannaigh isteach i sanctóirTheampall an Tiarna.’

52. Féach, tá na laethanta ag teacht- an Tiarna a labhraíonn -a ndéanfaidh mise breithiúnas ar a híola,agus beidh an créachtach ag cneadach ar fud a críoch.

53. Dá mba ea go n‑éireodh an Bhablóin suas chun neimhe,nó dá neartódh sí a dúnfort buacach,ina dhiaidh sin is uile thiocfadh scriosadóiríar m'ordú anuas uirthi - an Tiarna a labhraíonn.

54. Éistigí le héamh ón mBablóin,agus tormán millteach ó thír na gCaildéach!

55. Is é an Tiarna é ag scriosadh na Bablóine,ag sochtadh a gleo urghránna;ní miste di búirthíl a tonntaamhail uiscí móra agus fuaimneach a ngutha i bhfad.

56. Óir tá scriosadóir ag teacht de ruathar ar an mBablóin,tá a fir throda gafa, tá a mboghanna briste.Sea, is é an Tiarna Dia na luaíochta;cúitíonn sé go hiomlán.”

57. “Tabharfaidh mé ar a huaisle agus ar a saoithe ól,ar a rialtóirí a feidhmeannaigh agus ar a fir troda;titfidh codladh síoraí orthu agus ní mhúsclóidh siad,a deir an rí, darb ainm Tiarna na Slua.”

58. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Leagfar go talamh ballaí leathana na Bablóine,agus loiscfear le tine a geataí arda.Is saothar in aisce mar sin saothar na gciníochais í an tine is deireadh do thiaráil na náisiún.”

59. Seo mar a d'ordaigh Irimia fáidh do Sharáiá mac Mhásaeiá nuair a d'imigh seisean don Bhablóin ar ordú Zidicíá rí Iúdá sa cheathrú bliain dá réimeas.

Irimia 51