5. Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia,Tiarna na Slua.Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaíin aghaidh Aon Naofa Iosrael.
6. Téigí amach as an mBablóin(sábháileadh an uile dhuine a anam);ná cailltear sibh féin ina tubaiste,óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna.Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
7. Bhí an Bhablóin ina cupán órga i láimh an Tiarna;chuir sí an talamh uile ar meisce;d'ól na náisiúin cuid dá fíonagus d'imigh ansin le báiní.
8. Thit an Bhablóin go tobann, tá sí briste;nuailligí ar a son!Téigí ar lorg íoca dá créachta;b'fhéidir go ndéanfaí í a leigheas!
9. ‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine;ach níor tháinig uirthi biseach.Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh;ardaítear é chun na spéartha.
10. Dhearbhaigh an Tiarna ár bhfíréantacht.Tagaigí, foilsímis i Síónbearta an Tiarna ár nDia.
11. Bioraigí na saigheada,líonaigí na bolgáin!“Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.
12. Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine!Neartaigí an garda!cuirigí na fir faire ina láithreacha!Gléasaigí na luíocháin!Óir rinne an Tiarna beart,agus chaith sé le cathróirí na Bablóinefaoi mar gheall sé.
13. Tusa a shuíonn le hais mórán uiscí,agus a thaisceann stór agus maoin,tá do chríoch tagtha anois,agus deireadh do shladaireachta.
14. Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua:Dá mba é gur líon mé thú le firmar na lócaistí ar a líonmhaire,thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!
15. Is é a rinne an talamh lena chumhacht;is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.
16. Nuair a dhéanann sé toirneachbíonn tormán uisce sna flaithis;tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,déanann tintreach le haghaidh na fearthainne,agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
17. Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n‑aon;deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh,óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu.