34. “D'ith sé mise, d'alp sé mé,rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar];rinne sé soitheach folamh díom,shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan,líon sé a bholg de mo shólaistí.”
35. “Go gcúitítear leis an mBablóinan foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!”a deir muintir Shíón.“Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!”a deir Iarúsailéim.
36. Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna:“Tagraímse féin do chúisle go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon.Triomóidh mé a habhainn,fágfaidh mé a foinsí tirim.
37. Beidh an Bhablóin ina carnán cloch,ina háit chónaithe ag seacáilina huafás agus ina scige,gan duine ná deoraí inti.
38. Búireann siad le chéile ar nós leon,drantaíonn ar nós coileáin leoin.
39. An bhfuil fiabhras orthu?Ullmhóidh mise deoch dóibhagus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnachagus codlóidh siad go síoraí,ní mhúsclóidh siad go deo- an Tiarna a labhraíonn.
40. Tabharfaidh mé anuas go dtí an seamlas iad,amhail uain chun a marfa,amhail reithí agus gabhair fhireanna.”
41. “Céard seo! Ar gabhadh agus ar briseadhí siúd a bhí i mbéal an tsaoil?Céard seo! An Bhablóin ina huafás i measc na náisiún?
42. Tháinig an fharraige aníos ar an mBablóin,téann sí faoi na tonnta tolgacha.
43. Tá a bailte ina bhfásach,in a bhfearann loiscthe, ina ndíthreabh;ní chónaíonn duine iontu;ní thagann fear an bealach sin.”
44. “Smachtóidh mise Béil sa Bhablóinagus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé.Ní bheidh na náisiúin a thuilleadhag teacht chuige ina scuaine.Tá balla na Bablóine ar lár.
45. A phobal liom, imígí amach aisti;saoradh gach duine agaibha anam féin ó fhearg dhíscir an Tiarna
46. Ach ná bígí go tromchroíoch!Ná scanraígí le gach scéala bhíonn á reic ar fud na tíre:iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn;tá foréigean in uachtar ar talamhagus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.