25. Is leatsa a dhéanaim achrann,a shliabh mhilltigh,- an Tiarna a labhraíonn -a mhilleann an talamh uile!Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh,agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thúagus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.
26. Ní thógfaidh siad cloch choirnéil díot choíche,ná cloch bhunaidh ach an oiread,óir beidh tú i do fhásach go deo- an Tiarna a labhraíonn.”
27. “Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain;séidigí an stoc i measc na náisiún,ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh;gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan:Ararat, Minní, Aisceanáz;glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt!Ordaígí don mharcshlua teacht suas,go colgach ar nós na lócaistí.
28. Gríosaigí náisiúin chun cogaidh ina héadan;[rí] na Méide gona fhir cheannais,a thiarnaí agus na tíortha uile faoina réim.
29. Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith,mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóineá chur i gcrích:a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra.
30. Scoir saighdiúirí na Bablóine den troid;tá siad ag fanacht ina ndaingind'fheall a neart orthu;tá siad amhail mná anois.Tá a tithe cónaithe trí thine,a geataí briste ó chéile.
31. Tá teachtaire ar leanúint teachtaire,giolla sna sála ar ghiollachun a rá le rí na Bablóinegur gabhadh a chathair ó gach taobh;
32. go bhfuil seilbh ar na háthanna,agus tine leis na dúnta,go bhfuil scéin ar na fir throda in éineacht.
33. Óir is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:Is cosúil iníon na Bablóine le hurlár buailtenuair a bhítear ag pasáil air;tamall beag, agus [luífidh an gráinne] a baineadh ansin.”
34. “D'ith sé mise, d'alp sé mé,rí sin na Bablóine[, Nabúcadnazar];rinne sé soitheach folamh díom,shlog sé siar mé mar a dhéanfadh dragan,líon sé a bholg de mo shólaistí.”
35. “Go gcúitítear leis an mBablóinan foréigean a rinne sí ormsa agus gach ar fhulaing mé!”a deir muintir Shíón.“Agus mo fhuil ar mhuintir Chaldéa!”a deir Iarúsailéim.
36. Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna:“Tagraímse féin do chúisle go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon.Triomóidh mé a habhainn,fágfaidh mé a foinsí tirim.
37. Beidh an Bhablóin ina carnán cloch,ina háit chónaithe ag seacáilina huafás agus ina scige,gan duine ná deoraí inti.
38. Búireann siad le chéile ar nós leon,drantaíonn ar nós coileáin leoin.
39. An bhfuil fiabhras orthu?Ullmhóidh mise deoch dóibhagus tabharfaidh orthu a ól nó go dtiocfaidh orthu míogarnachagus codlóidh siad go síoraí,ní mhúsclóidh siad go deo- an Tiarna a labhraíonn.
40. Tabharfaidh mé anuas go dtí an seamlas iad,amhail uain chun a marfa,amhail reithí agus gabhair fhireanna.”
41. “Céard seo! Ar gabhadh agus ar briseadhí siúd a bhí i mbéal an tsaoil?Céard seo! An Bhablóin ina huafás i measc na náisiún?
42. Tháinig an fharraige aníos ar an mBablóin,téann sí faoi na tonnta tolgacha.