14. Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua:Dá mba é gur líon mé thú le firmar na lócaistí ar a líonmhaire,thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!
15. Is é a rinne an talamh lena chumhacht;is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.
16. Nuair a dhéanann sé toirneachbíonn tormán uisce sna flaithis;tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,déanann tintreach le haghaidh na fearthainne,agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
17. Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n‑aon;deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh,óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu.
18. Is náideanna iad, is díol gáire;nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.
19. Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.”
20. “Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh.Is leatsa a threascair mé na náisiúin,a leag mé na ríochtaí.
21. Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach,an carbad agus an carbadóir;
22. is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta,an t‑ógánach agus an cailín,
23. is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad,an treabhadóir agus a sheisreachna huaisle agus na fir cheannais.
24. “Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.