10. Dhearbhaigh an Tiarna ár bhfíréantacht.Tagaigí, foilsímis i Síónbearta an Tiarna ár nDia.
11. Bioraigí na saigheada,líonaigí na bolgáin!“Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.
12. Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine!Neartaigí an garda!cuirigí na fir faire ina láithreacha!Gléasaigí na luíocháin!Óir rinne an Tiarna beart,agus chaith sé le cathróirí na Bablóinefaoi mar gheall sé.
13. Tusa a shuíonn le hais mórán uiscí,agus a thaisceann stór agus maoin,tá do chríoch tagtha anois,agus deireadh do shladaireachta.
14. Is dar é féin a mhionnaigh Tiarna na Slua:Dá mba é gur líon mé thú le firmar na lócaistí ar a líonmhaire,thógfaí ina dhiaidh sin an gháir chatha i d'aghaidhse!
15. Is é a rinne an talamh lena chumhacht;is é a dhaingnigh an chruinne lena eagna,agus a spréigh amach na flaithis lena ghrinneas.
16. Nuair a dhéanann sé toirneachbíonn tormán uisce sna flaithis;tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún,déanann tintreach le haghaidh na fearthainne,agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
17. Leis sin tagann ionadh agus alltacht ar gach n‑aon;deargann gach órcheardaí mar gheall ar íola a lámh,óir is bréaga a chuid íol, gan puth anála iontu.
18. Is náideanna iad, is díol gáire;nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.
19. Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’,óir is é cruthaitheoir an uile ní é,agus is é Iosrael treibh a oidhreachta.Tiarna na Slua is ainm dó.”
20. “Ba thú mo thua catha, mo arm cogaidh.Is leatsa a threascair mé na náisiúin,a leag mé na ríochtaí.
21. Agus is leat a shín mé an t‑each agus an marcach,an carbad agus an carbadóir;
22. is leat a leag mé fear agus bean, óg agus aosta,an t‑ógánach agus an cailín,
23. is leat a bhris mé an t‑aoire agus an tréad,an treabhadóir agus a sheisreachna huaisle agus na fir cheannais.
24. “Ach foilseoidh mé duit conas a chúiteoidh mé leis an mBablóin agus le háitritheoirí uile Chaildéa gach olc dá ndearnadar do Shíón. Is é an Tiarna a labhraíonn.
25. Is leatsa a dhéanaim achrann,a shliabh mhilltigh,- an Tiarna a labhraíonn -a mhilleann an talamh uile!Sínfidh mé amach mo lámh i d'aghaidh,agus tiomáinfidh mé anuas as na creaga thúagus déanfaidh mé sliabh loiscthe díot.
26. Ní thógfaidh siad cloch choirnéil díot choíche,ná cloch bhunaidh ach an oiread,óir beidh tú i do fhásach go deo- an Tiarna a labhraíonn.”
27. “Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain;séidigí an stoc i measc na náisiún,ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh;gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan:Ararat, Minní, Aisceanáz;glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt!Ordaígí don mharcshlua teacht suas,go colgach ar nós na lócaistí.