Irimia 51:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is mar seo a deir an Tiarna:“In aghaidh Chaildéadúiseoidh mé spiorad adhmhillte;

2. Seolfaidh mé lucht cáite don Bhablóin;cáithfidh siad í agus fágfaidh a dúiche folamh;óir ionsóidh siad í ó gach taobh lá an bhasctha.

3. Ná síneadh aon bhoghdóir a bhogha!Ná siúladh aor fhear go móiréiseach faoina chóta máilleach!- Ná tabhair anacal dá saighdiúirí óga!Maraígí tríothu agus tharstu, a slua uile!

4. Titfidh na mairbh i gcríoch na gCaildéach,agus an lucht gonta ar na sráideanna.

5. Ach níl Iosrael (ná Iúdá) tréigthe ag a nDia,Tiarna na Slua.Tharla seo mar go raibh tír na gCaildéach lán de pheacaíin aghaidh Aon Naofa Iosrael.

6. Téigí amach as an mBablóin(sábháileadh an uile dhuine a anam);ná cailltear sibh féin ina tubaiste,óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna.Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.

Irimia 51