Irimia 50:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Iarrfaidh siad an tslí go Síón;beidh a n‑aighthe sa treo sin:‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarnai gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’

6. Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa;chuir a dtréadaithe ar seachrán iad,d'fhág ar fán iad ar na sléibhte;d'imigh siad ó shliabh go cnocag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.

7. Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad;dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é;mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarnaa gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’

8. Éalaígí amach as an mBablóin,gabhaigí amach as críoch na gCaildéach.Imígí! Gníomhaigí mar na gabhair fhireanna;bígí i gceann na dtréad.

9. Féach, táimse ag déanamh comhcheangailde náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine.Tiocfaidh siad ón tír thuaidh,cuirfidh iad féin in ordú ina héadan;tógfar i láimh ansin í;tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach;ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.

10. Beidh Caildéa ina creach;gach aon a chreachfaidh í beidh sé sách.

11. Déanaigí lúcháir, más áil libh!Beirigí bhur gcaithréim,a chreachadóirí m'oidhreachta!Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach!Déanaigí seitreach ar nós staile!

Irimia 50