30. “Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin - an Tiarna a labhraíonn.
31. Is chugatsa atáim, a uaibhrigh!An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn;tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa.
32. Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí;ní thógfaidh duine ar bith suas í;lasfaidh mé tine ina bailte;loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”
33. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Tá clann mhac Iosrael faoi leatrom,na daoine uile a ghabh i láimh iad,coinnníonn siad go daingean iad,ní ligeann dóibh imeacht.
34. Ach is láidir a slánaitheoir:Tiarna na Slua is ainm dó.Is é atá ag tagairt a gcúise;tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh,ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.
35. Claíomh do na Caildéigh- an Tiarna a labhraíonn -do áitritheoirí na Bablóine,dá ceannairí agus dá saoithe!
36. Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu!Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad!Claíomh dá heachra agus dá carbaid.
37. Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár;go mba cosúil le mná iad!Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!
38. [Triomach] dá foinsí; go dté siad i ndísc.Óir is í tír na n‑íol í;tá siad ar buile, iad féin agus a gcuid íol.
39. Uime sin déanfaidh cait fhiáine agus seacáil cónaí inti:beidh cónaí ag ostraisí inti.Ní áitreofar arís go brách í,ach leanfaidh sí folamh ó aois go haois.
40. Díreach mar a scrios Dia Sodom agus Gomorá,mar aon leis na bailte comharsan- an Tiarna a labhraíonn -ní fhanfaidh duine ann níos mó,ní dhéanfaidh aon fhear cónaí inti arís go brách.”
41. “Anois tá cine ag teacht ón tuaisceart, cine móró chríocha imigéiniúla na talúntá ríthe ag gluaiseacht;
42. troideann siad le bogha agus ga;tá siad cruálach, míthrócaireach;is cosúil a bhfuaim le búiríl na farraigetá siad ag marcaíocht ar eachra,tá gach fear acu in eagar cathai d'aghaidhse, a iníon na Bablóine.
43. Ach tá a scéala siúd cloiste ag rí na Bablóine;titeann a lámha go faonlag; rug doigh greim air,pian mar a bheadh ar bhean in íona.
44. Féach, cé mar a thagann an leonaníos as mothar na Iordáinechuig an féarach marthanach!Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad,agus cuirfidh mé ann mo rogha duine.Óir cé is cosúil liom?Cé a fhéadann mise a chiontú?Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.
45. Mar sin éistigí le comhairle an Tiarna,atá socair aige in éadan na Bablóine,an plean atá beartaithe aigein éadan tír na gCaildéach:Sea, tógfar chun siúil fiú an té is laige den tréad.Ar a fheiceáil sin dóibh,beidh a dtréad ar ballchrith.
46. Corrófar an talamh le torann gabháil na Bablóine,agus cluinfear a tuireamh i measc na náisiún.”