Irimia 50:26-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile;brisigí agus osclaigí a hiothlanna,cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair.Cuirigí faoin mbang í.Ná fágtar aon ní di.

27. Maraígí a daimh uile;síos leo go dtí an seamlas!Mairg dóibh, tá a lá tagtha,aimsir a gcuarta.

28. Éistigí! Tagann teifigh agus daoine ar a gcoimeádamach as tír na Bablóine,a fhoilsiú díoltas an Tiarna ár nDia i Síón.”

29. “Gairigí i gceann a chéilena boghdóirí in aghaidh na Bablóine!Sibhse uile a shíneann an boghasuígí timpeall uirthi;ná bíodh aon dul as aici.Cúitígí léi de réir a saothair;déanaigí léi de réir gach ní dá ndearna sí;cúitígí léi as a bheith uaibhreach in aghaidh an Tiarna,in aghaidh Aon Naofa Iosrael.

30. “Uime sin titfidh na hógánaigh léi ina sráideanna, agus éagfaidh a fir throda uile ar an lá sin - an Tiarna a labhraíonn.

31. Is chugatsa atáim, a uaibhrigh!An Tiarna, Dia na Slua, a labhraíonn;tá do lá tagtha, aimsir do smachtaithe agamsa.

32. Tuisleoidh an t‑uaibhreach; titfidh sí;ní thógfaidh duine ar bith suas í;lasfaidh mé tine ina bailte;loiscfidh sí an uile ní ina timpeall.”

33. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Tá clann mhac Iosrael faoi leatrom,na daoine uile a ghabh i láimh iad,coinnníonn siad go daingean iad,ní ligeann dóibh imeacht.

34. Ach is láidir a slánaitheoir:Tiarna na Slua is ainm dó.Is é atá ag tagairt a gcúise;tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh,ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.

35. Claíomh do na Caildéigh- an Tiarna a labhraíonn -do áitritheoirí na Bablóine,dá ceannairí agus dá saoithe!

36. Claíomh dá fir asarlaíochta; nár fhágtar aon mheabhair acu!Claíomh dá fir chogaidh; go gcuirtear dá dtreoir iad!Claíomh dá heachra agus dá carbaid.

37. Claíomh don slua uile eachtrannach atá ina lár;go mba cosúil le mná iad!Claíomh dá stór maoine; go n‑ardaítear chun bóthair iad!

Irimia 50