16. Tóg ón mBablóin an síoladóir,agus fear an chorráin san fhómhar.Éalaígí ón gclaíomh millte,déanadh gach duine ar a dhaoine féin,teitheadh gach fear dá dhúiche féin.
17. Ba chaora seachráin é Iosrael,agus na leoin sa tóir air.“Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.
18. Uime sin - mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Anois smachtóidh mise rí na Bablóine mar a smachtaigh mé rí na hAsaíre.
19. Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh;biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán,gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.
20. Sna laethanta sin agus san am sin,lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann,agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil.Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.
21. Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím,téigí ina héadanagus in éadan áitritheoirí Phacód;lorgaigí iad; beartaígí an claíomh;milltear iad go hiomlán - an Tiarna a labhraíonn.Déan an uile ní dár ordaigh mé duit.
22. Tá torann catha ar fud na tíre,léirscrios millteach.
23. Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríníord buailte sin na talún uile? Céard seo!Cé mar a d'éirigh sé don Bhablóina bheith ina huafás i measc na náisiún?
24. [Cuireadh] dol faoi do chomhair, agus gabhadh thúar an uair nach raibh súil agat.Rugadh amuigh ort agus sáraíodh thú,mar gur thug tú dúshlán an Tiarna.
25. D'oscail an Tiarna a armlannagus thug amach airm a dhíoltais.Óir tá obair le déanamh ag an Tiarna, Dia na Slua,i dtír na gCaildéach.
26. Ionsaígí í, an t‑iomlán agaibh le chéile;brisigí agus osclaigí a hiothlanna,cruinnígí an chreach mar charnáin arbhair.Cuirigí faoin mbang í.Ná fágtar aon ní di.