11. Déanaigí lúcháir, más áil libh!Beirigí bhur gcaithréim,a chreachadóirí m'oidhreachta!Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach!Déanaigí seitreach ar nós staile!
12. Ach tá náire shaolta ar bhur máthair,tá míchlú ar an mbean a rug sibh;tá sí ar an náisiún is lú anois;ina fásach, ina fearann loiscthe, ina díthreabh.
13. Fágfaidh fíoch an Tiarna gan chónaí inti;déanfar fásach folamh di.Beidh uamhan ar an té a ghabhann thar an mBablóin;ligfidh sé fead iontais le méid na hanachaine.
14. Cuirigí sibh féin in eagar in aghaidh na Bablóine,tagaigí timpeall uirthi, sibhse uile a shíneann an bogha.Caithigí! Ná coigligí saigheada.
15. Ardaigí an gháir chatha ina héadan ó gach taobh di.Géilleann sí! titeann a dúnta! sceitheann a múrtha!Seo é díoltas an Tiarna. Déan díoltas uirthi!Roinn léi mar a roinn sise le daoine eile.
16. Tóg ón mBablóin an síoladóir,agus fear an chorráin san fhómhar.Éalaígí ón gclaíomh millte,déanadh gach duine ar a dhaoine féin,teitheadh gach fear dá dhúiche féin.
17. Ba chaora seachráin é Iosrael,agus na leoin sa tóir air.“Ar dtús, d'alp rí na Síre é; ansin chreim Nabúcadnazar rí na Bablóine a chnámha.
18. Uime sin - mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Anois smachtóidh mise rí na Bablóine mar a smachtaigh mé rí na hAsaíre.
19. Tabharfaidh mé Iosrael ar ais dá thalamh féaraigh;biafaidh sé ar Chairmeil agus ar Bháiseán,gheobhaidh sé a sháith ar shléibhte Eafráim agus Ghileád.
20. Sna laethanta sin agus san am sin,lorgfar éigeart Iosrael, ní bheidh sé ann,agus peacaí Iúdá, ní bheidh siad le fáil.Óir maithfidh mise don fhuíoll a fhágfaidh mé.
21. Éirígí suas in aghaidh thír Mharataím,téigí ina héadanagus in éadan áitritheoirí Phacód;lorgaigí iad; beartaígí an claíomh;milltear iad go hiomlán - an Tiarna a labhraíonn.Déan an uile ní dár ordaigh mé duit.
22. Tá torann catha ar fud na tíre,léirscrios millteach.
23. Céard seo! Cé mar a briseadh i smidiríníord buailte sin na talún uile? Céard seo!Cé mar a d'éirigh sé don Bhablóina bheith ina huafás i measc na náisiún?