1. An briathar a labhair an Tiarna in éadan na Bablóine, in éadan tír na gCaildéach, trí Irimia fáidh.
2. “Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é:ná ceiligí é, abraigí:‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe,tá Marodac ina smionagar.(Tá a híola náirithe,a dealbha gránna ina smidiríní.)’
3. Óir tá cine ag teacht ina haghaidh ón tuaisceart,a dhéanfaidh a tír ina fásach;ní bheidh cónaí ag duine ann feasta;thug siad as, idir dhuine agus bheithíoch, tá siad imithe.
4. Sna laethanta sin agus san am sinfillfidh clann Iosrael;tiocfaidh siad agus iad ag golag lorg an Tiarna a nDia féin.
5. Iarrfaidh siad an tslí go Síón;beidh a n‑aighthe sa treo sin:‘Tagaigí,’ ar siad, ‘ceanglaímis sinn féin don Tiarnai gconradh síothbhuan nach ligfear i ndearmad go brách!’
6. Ba chaoirigh ag fánaíocht mo phobalsa;chuir a dtréadaithe ar seachrán iad,d'fhág ar fán iad ar na sléibhte;d'imigh siad ó shliabh go cnocag ligean a mbáinseach féin i ndearmad.
7. Cibé duine a tháinig orthu, d'ith sé iad;dúirt a naimhde: ‘Ní tógtha orainn é;mar gur pheacaigh siad in aghaidh an Tiarnaa gcró caorach fíor agus dóchas a n‑aithreacha.’
8. Éalaígí amach as an mBablóin,gabhaigí amach as críoch na gCaildéach.Imígí! Gníomhaigí mar na gabhair fhireanna;bígí i gceann na dtréad.
9. Féach, táimse ag déanamh comhcheangailde náisiúin mhóra in aghaidh na Bablóine.Tiocfaidh siad ón tír thuaidh,cuirfidh iad féin in ordú ina héadan;tógfar i láimh ansin í;tá a saigheada amhail trodaire caithréimeach;ní fhilleann aon cheann acu go díomhaoin.
10. Beidh Caildéa ina creach;gach aon a chreachfaidh í beidh sé sách.
11. Déanaigí lúcháir, más áil libh!Beirigí bhur gcaithréim,a chreachadóirí m'oidhreachta!Bígí ag aoibheall fearacht gamhna ar féarach!Déanaigí seitreach ar nós staile!
12. Ach tá náire shaolta ar bhur máthair,tá míchlú ar an mbean a rug sibh;tá sí ar an náisiún is lú anois;ina fásach, ina fearann loiscthe, ina díthreabh.