8. Bhíodar ina staileanna macnasacha, iad beathaithe,gach aon duine acu ag seitreach i ndiaidh bean a chomharsan.
9. An é nach smachtóidh mise iad mar gheall ar na nithe sin - an Tiarna a labhraíonn -nach n‑agróidh mise mo dhíoltasar a leithéid seo de náisiún?
10. Dreapaigí suas ar a sraitheanna: Scriosaigí!Críochnaígí ar fad í!Bainigí anuas di a briongláin,ní leis an Tiarna iad.
11. Go deimhin is go fealltach a d'fheall sí orm,an teach seo Iosrael - an Tiarna a labhraíonn.
12. Shéan siad an Tiarna; dúirt siad: ‘Ní dhéanfaidh sé dada;ní thiocfaidh aon olc chugainn,claíomh ná gorta ní fheicfimid.
13. Níl na fáithe ach ag cur gaoithe,níl an briathar iontu.’
14. Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua -Is mar seo a dhéanfar leoas ucht é sin a rá:déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal,agus an pobal seo ina bhrosna,le go loscfaidh an tine iad.
15. Tabharfaidh mé anois oraibh uile, cine ón imigéina theach Iosrael - is é an Tiarna a labhraíonn -is náisiún dochloíte é, náisiún seanda,náisiún nach aithnid duitse a theanga,ní thuigeann tú focal a deir siad.
16. Tá a mbolgán saighead amhail uaigh oscailte;is laochra cróga iad uile.
17. Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán,slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha,slogfaidh do thréada agus do shealbháin,d'fhíniúna agus do chrainn figí,scriosfaidh siad do bhailte daingneina bhfuil do dhóchas.
18. “Ach sna laethanta sin féin - an Tiarna a labhraíonn - ní scriosfaidh mé ar fad sibh.
19. Agus nuair a déarfaidh siad: ‘Cad chuige a ndearna an Tiarna, ár nDia, na nithe seo linn?’ freagróidh tusa mar seo iad: ‘Faoi mar a thréig sibhse mise agus a rinne sibh fónamh do dhéithe iasachta ar bhur dtailte féin, mar an gcéanna caithfidh sibh fónamh do dhaoine iasachta i ndúiche nach libh féin.’ ”