Irimia 49:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán!Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau,nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint.

9. Má thagann lucht bainte caor chugat,ní fhágfaidh siad caora díolama;Má thagann gadaithe san oíche,sladfaidh siad go suaimhneach.

10. Óir is mise atá ag lomadh Éasau,nochtaimse a áiteanna folaithe,go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt.Scriosadh a shíol: tá deireadh leis!Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana:

11. ‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo,bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’ ”

12. Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!

13. Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”

14. Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna,seoladh teachta chun na náisiún trí chéile:“Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo!Éirígí chun catha!”

Irimia 49