7. I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna:“An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán?Ar imigh a chomhairle ón [nglic]?An ndeachaigh a eagna ar neamhní?
8. Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán!Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau,nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint.
9. Má thagann lucht bainte caor chugat,ní fhágfaidh siad caora díolama;Má thagann gadaithe san oíche,sladfaidh siad go suaimhneach.
10. Óir is mise atá ag lomadh Éasau,nochtaimse a áiteanna folaithe,go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt.Scriosadh a shíol: tá deireadh leis!Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana:
11. ‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo,bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’ ”
12. Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!
13. Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”
14. Fuair mé teachtaireacht ón Tiarna,seoladh teachta chun na náisiún trí chéile:“Cruinnígí! téigí in aghaidh an phobail seo!Éirígí chun catha!”
15. Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún,tarcaisneach i measc daoine.
16. Mheall cáil na fíochmhaire thú,chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú,thusa a chónaíonn i scailp na carraige,a ghreamaíonn d'airde na gcnoc!Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar,theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.
17. Beidh Eadóm ina fhásach; beidh uafás ar gach aon dá ngabhann an tslí, agus ligfidh fead iontais faoina leithéid de thubaiste.
18. Amhail mar a bhí i scrios Shodom agus Ghomorá, agus sna bailte timpeall ní fhanfaidh duine ann níos mó, ní dhéanfaidh aon fhear cónaí ann go deo, a deir an Tiarna.
19. “Féach, cé mar a thagann an leonaníos as mothar na Iordáinechuig an féarach marthanach!Is mar sin a ruaigfidh mise go tobann iad,agus cuirfidh mé ann mo rogha duine.Óir cé is cosúil liom?Cé a fhéadann mise a chiontú?Ainmnigh dom an tréadaí a sheasfadh i m'éadan.