Irimia 49:30-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Teithigí! Folaigí sibh féin chomh mear agus is féidir libh,A chathróirí Hazór! Is é an Tiarna a labhraíonn.Óir tá plean ag Nabúcadnazar in bhur n‑éadan,tá comhairle ar a aigne aige in bhur n‑éadan:

31. “Éirígí! téigí in éadan cine atá go sámh,atá beo go muiníneach- an Tiarna a labhraíonn -nach bhfuil geataí acu ná barraí,a chónaíonn san uaigneas!

32. Beidh a gcamaill ina n‑éadáil,agus iomadúlacht a gcaorach ina gcreach.’Scaoilfidh mé leis na gaotha uile iad,na bearracháin sin,agus tabharfaidh mise anachain orthu ó gach taobh- an Tiama a labhraíonn.

33. Beidh Hazór ina bhrocais seacál,ina fhásach go brách,ní fhanfaidh aon duine ann níos mó,ní dhéanfaidh mac duine cónaí ann arís go brách.”

34. Briathar an Tiarna a tháinig go Irimia fáidh i dtaobh Éalám, i dtosach réim Zidicíá rí Iúdá.

35. Is mar seo a deir Tiarna na Slua:“Tá mé chun bogha Éalám, ceann a nirt, a bhriseadh.

36. Tabharfaidh mé ar Éalám na ceithre gaothaó cheithre airde neimhe,“agus scaoilfidh mé na hÉalámaigh leis na gaotha; ní bheidh cine ar bith nach dtiocfaidh díbeartaigh Éalám chucu.

37. “Tabharfaidh mé ar na hÉalámaigh creathnú i láthair a naimhde i láthair na droinge a iarrann a mbás.Tabharfaidh mé olc anuas orthu, m'fhearg bhorb féin.Ruaigfidh mé iad le béal an chlaímh,go gcuirfidh mé deireadh leo.

Irimia 49