1. I dtaobh chlann mhac Amón.Is mar seo a deir an Tiarna:“Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael?Nach bhfuil oidhre ar bith aige?Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghádagus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?
2. Uime sin tá na laethanta ag teacht- an Tiarna a labhraíonn -ina dtabharfaidh mise faoi dearacaismirt chogaidh a chloisteáilin aghaidh Rabat na nAmónach;beidh sí ina cairn uaigneach,dófar a hiníonbhailte go talamh.Ansin creachfaidh Iosrael lucht a chreachta siúd- an Tiarna a labhraíonn.
3. Uaill, a Heisbeón! [Tá an scriosadóir chugat.]Golaigí os ard, a iníonacha Rabá!Gabhaigí sibh féin i sacéadach,caoinigí in ard bhur gcinn,siúlaigí síos suas agus [bhur gcolainn scortha].Óir tá Miolcom ag dul ar deoraíocht,mar aon lena shagairt agus lena phrionsaí.
4. Maíonn tú as do ghleann,a chailín mhístuama!Go teann agus go dána deir tusa:‘Cé thiocfadh dom ionsaíse?’
5. Ach tabharfaidh mise anuas ortimeagla ó gach taobh;díbreofar chun siúil thú,gach aon fhear ina shlí féin,agus gan aon duine ann chun na teifigh a chruinniú.
6. “Ach amach anseo tabharfaidh mé ar ais liom bránna chlann mhac Amón. Is é an Tiarna a labhraíonn.”
7. I dtaobh Eadóm. Is mar seo a deir an Tiarna:“An é nach bhfuil críonnacht fágtha i dTéamán?Ar imigh a chomhairle ón [nglic]?An ndeachaigh a eagna ar neamhní?
8. Imígí: Greadaigí! téigí i bhfolach, a áitritheoirí Dhéadán!Óir tabharfaidh mise ainnise ar Éasau,nuair a thiocfaidh mé dá fhéachaint.
9. Má thagann lucht bainte caor chugat,ní fhágfaidh siad caora díolama;Má thagann gadaithe san oíche,sladfaidh siad go suaimhneach.
10. Óir is mise atá ag lomadh Éasau,nochtaimse a áiteanna folaithe,go dtí nach bhféadfaidh sé é féin a cheilt.Scriosadh a shíol: tá deireadh leis!Ní [déarfaidh] oiread agus duine dá chomharsana:
11. ‘Fág do dhílleachtaí, coinneoidh mise bia leo,bíodh muinín ag do bhaintreacha asam.’ ”
12. Óir is mar seo a deir an Tiarna: “An drong nach raibh ceangal orthu ól den chupán, ní mór dóibh a ól anois; agus an tusa an té a rachadh gan pionós? Ní rachaidh, mhaise: go deimhin ólfaidh tusa de!
13. Óir mhionnaigh mise dar mé féin - an Tiarna a labhraíonn: Beidh Bozrá ina uafás, ina scige, ina fhásach, ina mhallú, agus a bhailte uile ina bhfásach síoraí.”