9. Tabhair tuama do Mhóáb,óir tá sé scriosta go hiomlán;tá a bhailte uaigneach,gan aon duine ina chónaí iontu.
10. (“Gura mallaithe an té a dhéanann obair an Tiarna go leamh. Gura mallaithe an té a choinneoidh a chlaíomh ar ais ó fhuil!)
11. Bhí Móáb i suaimhneas óna óige;shuigh sé ar a mhoirt;níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach;níor chuaigh riamh i mbraighdeanas;uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin,níor aistríodh a bholadh.
12. “Mar sin tá na laethanta atá ag teacht - is é an Tiarna a labhraíonn - a gcuirfidh mise ruagairí chuige a dhéanfaidh é a aistriú; folmhóidh siad a shoithí agus brisfidh i smidiríní a bhuidéil.
13. Beidh náire ar Mhóáb ansin faoi Chamóis, mar a bhí ar theach Iosrael faoi Bhéitéil a ndóchas.
14. Conas a deir sibhse: ‘Is fir chumhachtacha sinne,agus réidh chun cogaidh’?
15. Tháinig scriosadóir Mhóáb anuas air;chuaigh togha a dhaoine óga síos chun an áir.
16. Ní fada i gcéin anois ainnise Mhóáb;deifríonn sí ar luas a anachaine.
17. Sibhse a chónaíonn in aice leis, golaigí ar a shon,sibhse uile arbh eol daoibh a ainm.Abraigí: ‘Cé mar a briseadh an bata láidir sin,an ríshlat bhreá sin!’
18. Tar anuas ó do ghlóir, suigh san [aoileach],a iníon a chónaíonn i nDíobón, slán sábháilte sa bhaile;tá scriosadóir Mhóáb tagtha ort;tá do dhaingin tógtha aige.