12. Chuala na náisiúin faoi do náire,líonann an caoineadh duit an talamh;óir thuisligh an gaiscíoch in aghaidh an ghaiscígh,agus thit siad araon in éineacht.”
13. An briathar a labhair an Tiarna le Irimia fáidh nuair a chuir Nabúcadnazar chun bóthair go n‑ionsóidh sé tír na hÉigipte.
14. “Foilsígí é san Éigipt!Fógraígí i Migdeol!Fógraígí é i Nof agus i dTachpanaes!Abraigí: ‘Ag bhur bpoist! Bígí ullamh!’óir slogann an claíomh máguaird oraibh.
15. Céard seo! Ar theith [Aipis]?Nár sheas do cheann láidir go daingean?
16. Sea, shín an Tiarna ar shlait a dhroma é!Thit sé as a sheasamh, agus anois tá sé ar lár!Ansin ar siad lena chéile:‘Suas linn! Déanaimis ar ár ndaoine féin,go tír ar nduchais, i bhfad ó chlaíomh na díbheirge!’
17. Tabhair an t‑ainm seo ar Fhorann:Mórán Fothraim Ach Dall ar an Uain!
18. Mar a mhairimse - a deir an rídarb ainm Tiarna na Slua -Go deimhin mar atá Tábór i measc na sléibhteagus Cairmeil os cionn na farraige,is mar sin a thiocfaidh sé.
19. Déan burla duit féin chun dul ar deoraíocht,a iníon na hÉigipte, a chónaíonn go sábháilte sa bhaile!Beidh Nof ina fhásach, go huaigneach gan áitritheoir.
20. Ba bhodóg bhreá an Éigipt,ach ghreamaigh inti creabhar ón tuaisceart.
21. Na hamhais a bhí aici ar tuarastal,a bhí slíoctha ar nós laonna biata,thug siad do na bonna é;ní sheasann siad ach teitheann in éineacht;óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.
22. Éist: fuaim mar a bheadh siosarnach nathair nimhe!Sea, tagann siad, líon a slua,ag tabhairt fúithi le tuanna,ar nós buanaithe connaidh,
23. leagfaidh siad a foraois -is é an Tiarna a labhraíonn.Sea, tá [siad] thar áireamh,níos líonmhaire ná na lócaistí do-áirithe.
24. Tá iníon na hÉigipte á náiriú,á tabhairt i láimh mhuintir an tuaiscirt.”
25. Tá sé ráite ag Tiarna na Slua, Dia Iosrael: “Smachtóidh mé anois Amón as Nó (agus Forann) agus an Éigipt agus a déithe agus a ríthe in éineacht le Forann agus iad siúd a chuir a ndóchas ann.