1. An focal a labhair Irimia fáidh le Barúch mac Néiria nuair a scríobh seisean na briathra seo i leabhar ó bhéal Irimia sa cheathrú bliain de réimeas Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá.
2. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael fútsa a Bharúch:
3. Ó dúirt tú: ‘Is mairg domsa, óir chuir an Tiarna doilíos i gceann mo dhobróin! táim spíonta ó m'osnaíl, agus ní fhaighim faoiseamh ar bith!’