Irimia 43:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas,

2. labhair Azairiá mac Hóisiá, agus Ióchánán mac Cháiréach agus na fir uaibhreacha shéantacha sin uile le hIrimia agus dúirt: “Thug tú d'éitheach! Ní hé an Tiarna ár nDia a chuir thú á rá: ‘Ná téigí don Éigipt a chónaí ann.’

3. Ach is é Barúch mac Néiria a bhrostaíonn thú in ár n‑aghaidhne i gcónaí, dár dtabhairt i láimh na gCaildéach, le go gcuirfidís chun báis sinn, nó go mbéarfaidís ina láimh don Bhablóin sinn!”

4. Ainneoin sin, níor umhlaigh Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm agus an pobal uile do ghlór an Tiarna fanacht i dtír Iúdá.

5. Ach rug Ióchánán mac Cháiréach agus ceannairí uile an airm leo fuíoll uile Iúdá, a d'fhill ó gach uile chríoch inar díbríodh iad, a chónaí i dtír Iúdá,

6. idir fhir agus mhná agus leanaí agus iníonacha an rí freisin, agus gach duine a d'fhág Nabúzaradán, ceann an gharda, faoi chúram ag Aichíceám mac Sheáfán; thug siad leo freisin Irimia fáidh agus Barúch mac Néiria.

7. Mar sin, ar neamhchead do ghlór an Tiarna bhain siad críoch na hÉigipte amach agus tháinig go Tachpanaes.

8. Tháinig briathar an Tiarna go Irimia i dTachpanaes.

Irimia 43